Print this page
Friday, 23 February 2018 12:53

#Dúshlán125

Ghlac ár ndaltaí san idirbhliain páirt i #Dúshlán125 Dé Máirt agus Dé chéadaoin 6/7ú lá de mhí Eanair.

Is í aidhm an chomórtais daltaí scoile a chur i mbun feachtais ar son na Gaeilge ar bhealach spraíúil.

Bhí 30 dúshlán le baint amach taobh istigh de 50 uair a chloig. Bhí 125 pointe ar an uasmhéid le bailiú. Tá 125 pointe i gceist mar gheall go bhfuilimid ag ceiliúradh 125 Bliain ó tús na hathbheochana le Bliain na Gaeilge 2018.

D’oibrigh na daltaí le chéile chun na dúshlán a chriochnú. Bhí siad ag brostú timpeall na scoile agus timpeall an bhaile chun na tascanna a dhéanamh. Fuair siad cabhair ó muinteoirí eile sa scoil, daltaí eile sa scoil agus daoine áirithe sa bhaile. Bhí go leor fianaise d’obair lasmuigh den scoil, freisin.

Chan siad amhráin, rinne siad fiseáin, taifeanta, d’astrigh siad teascanna agus comharthaí, chruthaigh siad dramaí agus forgraí, mhúin siad daltaí ón gcéad bhiain, agus bhí siad ag labhairt Gaeilge an t-am ar fad.

Tá Conradh na Gaeilge ag comhaireamh suas na pointí go léir faoi láthair agus b’fhéidir go mbeidh an t-ádh linn, agus gheobhadh siad duais áirithe.